Fún Orm

Lyrics
[Intro] Scaití ní dhéanann tú na rudaí a theastaíonn uait Mar gheall go bhfuil an iomarca imní ort go dteipfeadh ort [Véarsa 2] Nuair a bhíonn fonn orm, déanaim gleo ag na gigeanna Is den chuid is mó den am, sin an chaoi a n-imíonn mé Is breá liom a bheith ag úsáid suas mo chuid fuinnimh Nuair a thagann sé go dtí ceol cumadh canadh Is breá liom sin, chun a bheith ag labhairt mo intinn Má dhéanann tú sin tabharfaidh sé cumhacht duit Mach dtuigfeá riamh a bheadh agat dá uireasa Sé seo an chumhacht atá againne mar dhaoine Sé sin do mheon do spiorad agus do shaoirse A chuir i bhfeidhm, déanaim sin le seinnt Ceol le mo ghlór i gclubanna agus roinnt Pubanna, féilte chomh maith le tithe cairde Admhaím nuair a thagann sé go dtí taifeadadh Go bhfaigheann mise é seo i bhfad níos deacra Ní de bharr na focla abairtí a dheirimse Ach de bharr an fuaimniú fuinnimh atáim ag iarraidh [Curfá] A chur amach in san domhan, ach tá mé óg Tá sé ráite roimhe seo an dallamullóg A chuirim orm féin ó am go ham Ach coinneoidh mé orm ag foghlaim agus beidh mé slán A chur amach in san domhan, ach tá mé óg Tá sé ráite roimhe seo an dallamullóg A chuirim orm féin ó am go ham Ach coinneoidh mé orm ag foghlaim agus beidh mé slán [Véarsa 2] Ceann de na fáthanna a thosaigh mise leagan focla Síos ar pháipéar ná chun go mbeadh rudaí soiléir I mo shaol mo shlí níos éasca dá bharr Seo go daonna mar go gcruathaím i nGaeilge Mo dhúchais, mo thús, an chéad teanga A tháinig amach as mo chlab gan stad Go dtí gur labhair mé le máthair an penguin Orm a bhí an déistin ach raibh mé in ann ciall a bhaint Ón teilifís go dtí ní bheinn ar bís Buachaill beag mar mé, is orm a bhí an straois Gan i bhfad caite gan mé ach sé bliana d'aois D'fhoghlaim mé béarla is níor lig mé duine ar bith síos Mar sílim féin is mó teangain a bhfearr Is má bhíonn tú líofa, is cumadh fiú níos fearr Seasann sé leat níos mó a thugann tú isteach Agus sin é go díreach atá mé ag rá leat Éist [Véarsa 3] Sé sin do mheon do spiorad agus do shaoirse A chuir i bhfeidhm, déanaimse sin le seinnt Ceol le mo ghlór i gclubanna agus roinnt Pubanna, féilte chomh maith le tithe cairde Admhaím nuair a thagann sé go dtí taifeadadh Go bhfaigheann mé é seo i bhfad níos deacra Ní de bharr na focla abairtí a dheirimse Ach de bharr an fuaimniú fuinnimh atáim ag iarraidh [Curfá] A chur amach in san domhan, ach tá mé óg Tá sé ráite roimhe seo an dallamullóg A chuirim orm féin ó am go ham Ach coinneoidh mé orm ag foghlaim agus beidh mé slán A chur amach in san domhan, ach tá mé óg Tá sé ráite roimhe seo an dallamullóg A chuirim orm féin ó am go ham Ach coinneoidh mé orm ag foghlaim agus beidh mé slán A chur amach in san domhan, ach tá mé óg Tá sé ráite roimhe seo an dallamullóg A chuirim orm féin ó am go ham Ach coinneoidh mé orm ag foghlaim agus beidh mé slán A chur amach in san domhan, ach tá mé óg Tá sé ráite roimhe seo an dallamullóg A chuirim orm féin ó am go ham Ach coinneoidh mé orm ag foghlaim agus beidh mé slán
Rate this song
0/5.0 - 0 Ratings
Loading comments...
Credits
- Writers
- MC Muipeád