Ceap Do Shuaimhneass

Lyrics
[Cúrfá] Ceap do shuaimhneas, lig do scíth Ceap do shuaimhneas má tá tú ag rith ar an tanaí Ceap do shuaimhneas,bí istigh leat féin Ceap do shuaimhneas má tá an saol ag luí dian ar do shaol féin [Véarsa 1] Nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith Is nuair atá d'aigne chomh scaipthe le mún giorria Cad é a dúirt an tailliúr linn ó Ghuagán Barra Glac bog an saol is glacfaidh an saol bog tú féin, a chara [Curfá] Só, ceap do shuaimhneas, lig do scíth Ceap do shuaimhneas má tá tú ag rith ar an tanaí Ceap do shuaimhneas, bí istigh leat féin Ceap do shuaimhneas, má tá an saol ag luí dian ar do shaol féin [Droichead] Is minic a smaoinim ar an am nuair a bhí mé óg Is mé ag smaoineamh ar am ar cheap mé gur thóg Daoine rudaí uaim ach bhí seo go hiomlán páisteach Táim buíoch le rá nach raibh ann ach seal sealadach Tromlach na smaointe, smaointe a bhí mídhírithe Mar fhear, mar pháiste, mar bhuachaill óg Fiú i mo chloigeann déanamh gleo déanamh gleo De bhrí sin gan mórán scíth do dhuine ar bith ón stró Ach d'fhás mé suas ag foghlaim go hocrach le luas Mar go raibh sé i gceist go bpiocadh rudaí suas I mo shaol is gan iad seo, beag an baol Go mbeinse sásta ar feadh i bhfad in sa saol [Véarsa 2] Beidh tú fada a dhóthain ag tabhairt an fhéir Mar sin canathaobh ná bainfeá súp as an saol Fóill ort a chroí, fóill ar do shámh Bainfimid fad as an oíche seo go fóill [Curfá] Ceap mo shuaimhneas, lig mo scíth Is ceapfaidh mise do shuaimhneas duit Ó mhaidin go hoíche, a chroí Ceap do shuaimhneas, luigh siar faoin ngréin Ceap do shuaimhneas, as fad agus leithead déanfaimid aon
Rate this song
0/5.0 - 0 Ratings
Loading comments...
Credits
- Writers
- Fergal Moloney
- Cian Mac Carthaigh
- MC Muipeád