Ag Smaoineamh Os Ard

Album cover art for "Ag Smaoineamh Os Ard" by Ed Sheeran

Ed Sheeran - Pop, Gaeilge

Ag Smaoineamh Os Ard

1 Plays

View ArtistView Album

Lyrics

Language:

[Véarsa 1] Nuair is léir nach seasann do chosa níos mó Is nach leanann do shúil mar a bhíodh An mbeidh teacht ar do bhéalín ar bhlaiseadh mo ghrá? An mbeidh d'aghaidh ag fógairt d'aoibh? [Pre-Chorus] A stórín, beidh mé ag fanacht leat féin go seachtó naoi A leana, is tú an duine dom fiú ag fiche trí Tá mé ag rá leat go dtiteann daoine i ngrá gan aon chúis ná haon bhrí B'fhéidir gan ach buille ar lámh Titim féin i ngrá leat arís is arís Tá rud ar intinn agam le rá [Cúrfa] Bí liom ann Féadfaidh tú mé a thógáil anocht Ó luí liomsa faoin solas ón oíche gheal Éist le buillí mo chroí ar m'ucht Ag smaoineamh os ard A leana, fuair muid neamh anseo ar domhan [Véarsa 2] Nuair atá mé níos sine is ag briseadh go mall Dearmad déanta ar m'ainm arís Gan mo lámha in ann don mhéid céanna Ó is tú a bheidh fós i mo chroí [Pre-Chorus] Beidh tú liomsa, is mise leastsa go deo mo chroí Tú le feiceáil gach oíche i mo bhrionglóidí [Cúrfa] Tá mé ag rá leat go dtiteann daoine i ngrá gan aon chúis ná haon bhrí B'fhéidir go mba chuid é don phlean Mise agus tusa le chéile go deo Ag glacadh go mbeidh tuilleadh ar lean [Cúrfa] Bí liom ann Féadfaidh tú mé a thógáil anocht Ó luí liomsa faoin solas ón oíche gheal Éist le buillí mo chroí ar m'ucht Ag smaoineamh os ard A leana, fuair muid neamh anseo ar domhan A leana, fuair muid neamh anseo ar domhan A leana, fuair muid neamh anseo ar domhan

Rate this song

Rate this song

0/5.0 - 0 Ratings

5
0.0% (0)
4
0.0% (0)
3
0.0% (0)
2
0.0% (0)
1
0.0% (0)

Loading comments...

Credits

Credits Not Found