An Seanduine Dóite

Lyrics
Chuir mise mo sheanduine isteach ins an choirneál, A ól bainne ramhair is a dh'ithe aráin eorna, Dá gcuirfeadh sé a cheann amach bhainfinn an tsrón de, Agus d'fhágfainn an chuid eile ag na cailíní óga. Curfá: Órú, a sheanduine, a sheanduine dhóite, Órú, a sheanduine, is mairg a phós tú, Órú, a sheanduine, a sheanduine dhóite, Luigh ar do leabaidh agus codlaigh do dhóthain. Chuir mise mo sheanduine go sráid Bhaile an Róba, Cleite ina hata agus búclaí ina bhróga, Bhí triúr á mhealladh is bhí ceathrar á phógadh, Is chuala mé i nGaillimh gur imigh sé leofa. Curfá Dá mbeadh a fhios ag mo sheanduine, ó, mar a bímse, Ag ól is ag imirt le hógfhir na tíre, Le héirí na gealaí go mbrisfeadh sé a phíopa, Agus bhuailfeadh sé faic dena bhuig ins an ghríosaigh. Curfá Dá bhfaigheadh mo sheanduine an ní a ba chóir dó, Greamanna ime agus greamanna feola, Íochtar na cuinneoige is preataí rósta, Bhainfeadh sé gliogar as na cailíní óga. Curfá Dá bhfeicfeá mo sheanduine ar uair an mheán oíche, A chois ar an bhac aige is é ag deargadh a phíopa, Gur cosúil le slat mara a dhá lorga chaola, Is mura ndéanfadh sé ansin é, ní dhéanfadh sé choíche é. Curfá Dá bhfaighinnse mo sheanduine báite i bpoll móineadh, Cois a bheith briste is a lorga leonta, Bhéarfainn 'na bhaile é agus shínfinn faoi chlár é, Agus shiúlfainn amach leis na buachaillí óga. Curfá
Rate this song
0/5.0 - 0 Ratings
Loading comments...
Credits
- Writers
- Traditional