Bruach Na Carraige Baine

Album cover art for "Bruach Na Carraige Baine" by Mary Black & Seamus Begley

Mary Black & Seamus Begley - Pop

Bruach Na Carraige Baine

0 Plays

Duration: 4:55

View Album

Lyrics

Language:

Is thiar cois abhainn gan bhréag gan dabht Ta an ainnir chiúin tais mhánla Is gur ghile a cam ná an eala ar an dtonn Ó bhaitheas go bonn a bróige 'Sí an stáidbhean í a chráigh mo chroí Is d'fhág sí i m'intinn brónach Is leigheas le fáil níl agam go brách Ó dhiúltaigh mo ghrá gheal domsa Ó b'fhearr liom fhéin ná Éire mhóir Ná saibhres Rí na Spáinne Go mbéinnse 'gus tusa i lúb na finne I gcoilltibh i bhfad ón ár gcáirde Ó mise 'gus tusa bheith pósta a ghrá Le haontoil athar is máthair A mhaighdean óig is milse póg Tú grian na Carraige Báine 'S a stuaire an chinn cailce, más dual dom go mbeir agam Beidh cóir ort a thaithneodh led' cháirde Idir shíoda 'gus hata ó bhonn go bathas 'S gach ní sa chathair dá bhfeabhas Beidh do bhólacht á gcasadh gach neoin chun baile Is ceol binn ag beacha ar bhánta Beidh ól ar do ghlacadh is cóiste id' tharraingt Go bruach na Carraige Báine

Rate this song

Rate this song

0/5.0 - 0 Ratings

5
0.0% (0)
4
0.0% (0)
3
0.0% (0)
2
0.0% (0)
1
0.0% (0)

Loading comments...

Credits

Writers
  • Traditional
  • Mary Black