Do Chuid Jeans

Lyrics
[Véarsa 1: MC Muipeád] Labhraíonn tú liom agus tú ag tarraingt ort do chuid jeans Feiceann mé thú chéad rud nuair a dhúiseann tú Déanann mé do chuid gruaige a chur trína chéile Ní imíonn mé garr dhuit nuair atá tú ag cócaireacht [Cúrfa: MC Muipeád & Róisín Seoighe] Nuair atá mé réidh sona sách Feicfidh mé an taon fíor dhuine lách Os mo chomhair amach Le lonnar an ghrá [Véarsa 2: MC Muipeád] Go borb bhéic mé ort agus shiúl mé amach Le sudar fúm, tháinig mé ar ais ag gabháil brón leat Ní féidir liom cuimhneachtáil ar tharla seo riamh Chomh sásta le coileán a raoineann chuile shórt [Cúrfa: MC Muipeád & Róisín Seoighe] Nuair atá mé réidh sona sách suáilceach Feicfidh mé an taon fíor dhuine lách Os mo chomhair amach Le loinnir an ghrá Ghrá [Bridge: Róisín Seoighe] Mar ar scáth a cheile a mhaireann daoine Gan Creideamh i ngrá go dtí go chonaic mé tusa An fáilte is deise an slán is dearca, is níl aon saol gan tusa faoi bhun na spéire Is bláth é an saol agus is mil e grá, gach noiméad a féidir liom gach aon lá. Ag smaoineamh ortsa mo shaol i líne amháin Is ní theastaíonn na rudaí a d'fhéadfadh siad a rá An glow seo orm, ó dubh go gealgorm chomh is fada is atá an saol, ceol agus torann beidh Tusa mar an t-aon duine ar bharr m'intinn mar gur lastar ár gcairdeas ina grá ina dhiadh sin Gan smaoineamh, caoineamh ag beir ar an faoiseamh Piocfaidh mise tusa agus piocfaidh tusa mise Ach b'fhearr dhomsa go hinmheánach a bheith cliste agus gan an saol mór dórcha seo mé a bhriseadh arís [Cúrfa: MC Muipeád & Róisín Seoighe] Nuair atá mé réidh sona sách Feicfidh mé an taon fíor dhuine lách Os mo chomhair amach suáilceach Le loinnir an ghrá [Bridge: MC Muipeád] Oh Croch do chroí dote agus ardaigh do cheann Is féidir theacht as rud ar bith agus cinnte beidh linn Tá mé an-bhuíoch don mhéid a d'fhoghlaim mé uait Tá mé sásta anois greadadh ceart a thabhairt duit [Cúrfa: MC Muipeád & Róisín Seoighe] Nuair atá mé réidh sona sách Feicfidh mé an taon fíor dhuine lách Os mo chomhair amach Le loinnir an ghrá Oh ghrá
Rate this song
0/5.0 - 0 Ratings
Loading comments...