Buail Aríst Mé

Album cover art for "Buail Aríst Mé" by IMLÉ

IMLÉ - Pop, Gaeilge

Buail Aríst Mé

0 Plays

View ArtistView Album

Lyrics

[Véarsa 1] Ar mo rothar dom ag leanúint Bealach na Bó Finne Réalt i mo bhéal is mé ag gluaiseacht níos mire É tagtha anonn chugham ón Tír Fothoinn Mé ag canadh go hard, mé ag canadh go binn Trasna na habhann ansan ag Droichead na hInse Soilse cairteacha os cionn Pháirc an Fhionnuisce Feadh na habhann soir go hionad an cheoil Mé ag bualadh le daoine chun piúnt nó dhó a ól [Curfá] Buail aríst mé (Breithlá shona duit) Buail aríst mé (Breithlá shona duit) Buail aríst mé (Breithlá shona duit) Buail aríst mé [Véarsa 2] Thugas cúrsa timpeall chró an Phoirt Thoir Anso a thréigeas amhrán nuair a d'aistríos anoir Gíoscán inneall traenach ag taisteal go ciúin Gan tiománaí gan carbad ag gluaiseacht fé rún Crainn tógála crochta le soilse ildaite Méaranta eolais dom' threorú féin abhaile Ar na ribí a bhíos is mé lánsásta liom féin **** —caitheadh dem' rothar mé [Curfá] Buail aríst mé (Breithlá shona duit) Buail aríst mé (Breithlá shona duit) Buail aríst mé (Breithlá shona duit) Buail aríst mé [Véarsa 3] Come on ya prick, you won't get very far Cneadaíl crotaon ón mbeirt a bhí leis an bhfear Lasc ar mo dhrom is eascaine le m'éadan Caite liom bhí bata fite lena chuid feirge Sheasas is d'fhéachas ar an ngramaisc Cóip na sráide sáite i gcacamas D'iarraidh sásamh a bhaint asam in aisce Níorbh aon sreang mise le freang a bhaint aisti [Curfá] Buail aríst mé le do dhorn dúr Buail aríst mé is aríst an athuair Buail aríst mé is le gach buille, a dhuine Is i láidreacht a théimse buille ar bhuille [Ceangal] Tá brón orm nach bhfuil mé níos fearr Ag na gnáth rudaí beaga sin a dhéanann an difear Seans go mbreathnaíonn sé ar nós gur cuma liom Ach ní fheadfadh tada a bheath níos faide ón fhírinne Is é chaoi né go bhfuil mé cineál simplí Ar an gcaoi sin rud atá báite san inchinn Cinnte tá mé dána ach tá an croí go maith Ar éigean go bhfuil mé in ann an rud lofa a chrochadh Smaoiním uirthi go rialta ná déan aon phanic Ní maith liom nach mbíonn mé ag cuairtíocht ró-mhinic Gabhaim mo leithscéal ach céard atá mé in ann a rá Ach fiafraí uirthi ná bígí ró-chrosta Ní theastaíonn uaim ach go mbeadh sibh bródúil asam Ach cén chaoi go mbeadh nuair nach mbíonn mé ann Ariamh mar pháirt daingean do bhur saoil Tá brón orm gurb eo an chaoi gur imigh an scéal [?] [?] Buail aríst mé [?] Buail aríst mé [?] Buail aríst mé [?] Buail aríst mé Ní hann duit ní hann do mo chorp Don't you get it in you I place no worth Ní hann duit ní hann do mo chorp Don't you get it in you I place no worth Ní hann duit ní hann do mo chorp Don't you get it in you I place no worth Ní hann duit ní hann do mo chorp Don't you get it in you I place no worth [Curfá] Buail aríst mé le do dhorn dúr Buail aríst mé is aríst an athuair Buail aríst mé is le gach buille, a dhuine Is i láidreacht a théimse buille ar bhuille Buail aríst mé le do dhorn dúr Buail aríst mé is aríst an athuair Buail aríst mé is le gach buille, a dhuine Is i láidreacht a théimse buille ar bhuille

Rate this song

Rate this song

0/5.0 - 0 Ratings

5
0.0% (0)
4
0.0% (0)
3
0.0% (0)
2
0.0% (0)
1
0.0% (0)

Loading comments...

Credits

Writers
  • Fergal Moloney
  • Cian Mac Carthaigh
  • MC Muipeád