Mná Ná hÉireann

Lyrics
[Véarsa 1] Tá bean in Éirinn a phronnfadh séad domh is mo sháith le n-ól Is tá bean in Éirinn is ba bhinne léithe mo ráfla ceoil Ná seinm théad; atá bean in éirinn is níorbh fhearr léi beo Mise ag léimnigh nó leagtha i gcré is mo thárr faoi fhód [Véarsa 2] Tá bean in Éirinn a bheadh ag éad liom mur' bhfaighfinn ach póg Ó bhean ar aonach, nach ait an scéala, is mo dháimh féin leo; Tá bean ab fhearr liom nó cath is céad dhíobh nach bhfagham go deo Is tá cailín spéiriúil ag fear gan Bhéarla, dubhghránna cróin [Véarsa 3] Tá bean a déarfadh dá siulfainn léi go bhfaighinn an t-ór Is tá bean 'na léine is fearr a méin ná táinte bó Le bean a bhuairfeadh Baile an Mhaoir is clár Thír Eoghain Is ní fheicim leigheas ar mo ghalar féin ach scaird a dh'ól
Rate this song
0/5.0 - 0 Ratings
Loading comments...
Credits
- Writers
- Peadar Ó Doirnín