Mí na Samhna

Lyrics
Oíche fhuar inár n-aghaidh Cuimhneamh siar go mí na Samhna Le mo shúile ar d'aghaidh Gan fhios cén uair le ligean dhó Crochadh ort le greim Ag fanacht ar chúrsaí le hathrú Tú ag breathnú ar aghaidh Ag cuardach d'áite féin sa saol mór Ó tá an domhan seo lán le doiléireacht shéimh Oibríonn sé ar do shonsa Faoi cheilt i gcónaí ar thaobh Ó thréig tú mé i lár fhuacht an gheimhridh Is an spéir ag titim Anuas orm is mé liom féin Ó thréig tú mé i lár fhuacht an gheimhridh Mo chroí trom ag titim Gan tú liom liom liom Oíche fhuar inár n-aghaidh Cuimhneamh siar go mí na Samhna Le mo shúile ar d'aghaidh Le go leor deacracht' is stró Nuair a théann ciall i gcéin Díreach cosúil le do mheonsa Is tú imithe ar strae Ní mhothóidh tú seo arís go brách Ó tá an domhan seo lán le doiléireacht shéimh Oibríonn sé ar do shonsa Faoi cheilt i gcónaí ar thaobh Ó thréig tú mé i lár fhuacht an gheimhridh Is an spéir ag titim Anuas orm is mé liom féin Ó thréig tú mé i lár fhuacht an gheimhridh Mo chroí trom ag titim Gan tú liom liom liom Anois táim caillte Ins an chiúnas i lár sneachta i rith an tsamhraidh Is cuimhin liom tú ag glaoch amach dom féin Bhfuil tú caillte? Ins an chiúnas i lár sneachta i rith an tsamhraidh Duine eile ag glaoch amach duit féin Ó thréig tú mé i lár fhuacht an gheimhridh Is an spéir ag titim Anuas orm is mé liom féin Ó thréig tú mé i lár fhuacht an gheimhridh Mo chroí trom ag titim Gan tú liom liom liom Ó thréig tú mé i lár fhuacht an gheimhridh Is an spéir ag titim Anuas orm is mé liom féin Ó thréig tú mé i lár fhuacht an gheimhridh Mo chroí trom ag titim Gan tú liom liom liom
Rate this song
0/5.0 - 0 Ratings
Loading comments...