Crann Úll

Lyrics
Tá crann úll i gcoirnéal an ghairdín Is suífimid síos nó go gcuire muid an fál air Ar eagla go dtitfeadh an bunadh óg i ngrá leis Nuair a bhogfas tusa Bogfaidh mise Is bogfaidh muid le chéile A chraoibhín aoibhinn álainn ó B'fhearr liom an gabha 'tá ag obair sa cheartán Ag bualadh an t-ord go lúchmhar is go láidir A shaothródh an scilling is d'ólfadh 'dtigh an tabhairne é Nuair a bhogfas tusa Bogfaidh mise Is bogfaidh muid le chéile A chraoibhín aoibhinn álainn ó B'fhearr liom an feirmeoir ag seoladh amach go haerach Maidin dheas san earrach, le seisreach is péire Ag cromadh ar an obair 's ag tiontó an chreafóg Nuair a bhogfas tusa Bogfaidh mise Is bogfaidh muid le chéile A chraoibhín aoibhinn álainn ó B'fhearr liom an t-iascaire amuigh ina bháidín Ag cur a chuid eangach 's ag breith ar na bradáin Ag troid leis na tonnta ó oíche go maidin Nuair a bhogfas tusa Bogfaidh mise Is bogfaidh muid le chéile A chraoibhín aoibhinn álainn ó Nuair a bhogfas tusa Bogfaidh mise Is bogfaidh muid le chéile A chraoibhín aoibhinn álainn ó
Rate this song
0/5.0 - 0 Ratings
Loading comments...
Credits
- Writers
- Traditional