Chuaigh Mé ’Na Rosann

Lyrics
Chuaigh mé 'na Rosann ar chuairt Gur bhreathnaigh mé uaim an spéir Is thart fá na hoileáin ó thuaidh Mar eilit agus cú 'na diaidh 'Sé déarfadh gach duine fá'n chuan Ó tharla mé 'nuas fá'n chéidh "Nach maith a aithnighim ar do ghruaim Gur fear thú 'bhfuil an tóir 'na dhiaidh." Casadh domh an ainnir dheas óg Ach má casadh 'sí a labhair go géar: "Más fear thú a bhaineas do mhnaoi óig Cha mholaim ró-mhór do thrade! Chonaic mé fear ar tír mór Is é ag siubhail gan bhróig inné; Is dóigh liom gur thusa an fear óg Is go bhfuil ort an tóir 'do dhiaidh." Thit muid i dtuirse 's i mbrón Is d'fhiafraigh mé den óigbhean chaoin "Cá bhfuighimis gloine le h-ól A dtógfadh an brón dár gcroí?" "Tá teach beag ar leath-taobh an ród Is coinnigheann sé i gcónaí braon – Gabh thusa agus buail ar an bhord Is ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin." Cha rabh muid i bhfad ag gabháil cheoil Gur chruinnigh go leor 'un toighe Achan fhear is a ghloine 'na dhorn Le comh-mhóradh a thabhairt don dís Bhí biotáilte fairsing go leor Cha rabh beagán dhá ól sa tír Is dá dtarraingeoinn-sa galún Uí Dhomhnaill B'fhurast mo scór a dhíol Tharla mé isteach i dtoigh an óil Agus b'fhaiteach go leor mé le suidhe Ar eagla go dtiocfadh an tóir Is go mbainfí an óigbhean díom Nuair a fuair muid gach ní mar ba chóir Agus mheas mé gur chóir domh suidhe 'Sé duirt sí: "Bí thusa ag gabháil cheoil Is ní dhíolfaidh do phócaí aon phingin." Nuair a lig muid dúinn tuirse is brón 'Sé d'fhiafraigh an óigbhean díom "Cá mbíonn tú 'do chónaí sa lá Nuair nach gcoinnigheann tú cró duit féin?" "Bím-sa seal 'dtoigh an óil Cha ndéanaim-sa lón don phingin: An méid úd a shaothraim sa lá A chaithim le spórt san oích'."
Rate this song
0/5.0 - 0 Ratings
Loading comments...
Credits
- Writers
- Traditional