An Buinneán Buí

Lyrics
A Bhuinneán Bhuí is é mo chrá do luí Is do chnámha sínte ar leaca lom' Is nach dtearn tú díth no dolaidh sa tíare Is narbh fhearr leat fíon nó uisce poill Dá gcuirfeá scéala fá mo dhéin Go raibh tú I ngéibhinn nó I ndeacair iot' Ó bhainfinnse béI'm ar Loch Mhic an Éin A fhliuchfadh do bhéal is do bhrollach síos Ní hiad bhur n-éanlaith atá mé ag éagaoin An chuach, an traona ná an chorr-bhreac Ach an Buinneán Buí, a bhí lán de chroí Is gur cosúil liom féin é I snua is I ndreach Bhíodh sé ag síoról na dí Is deir daoine go mbím ar an nós sin seal Is níl braon dá bhfuighinn nach ligfinn síos Ar fhaitíos go bhfuighinn féin bás den tart! Is é 'd'iarr mo stóare orm ligint den ól Nó nach mbeinnse beo ach seal beag gearr: Is é dúirt mé léi gur chan sí an bhréag Nó go mb'fhaide do mo shaol an braon seo a fháil Nach bhfeiceann tú éan an phíobáin réidh Go dteachaidh sí in éag den tart ar ball? Is a dhaoine cléibh, fliuchaigí bhur mbéal Nó ní bhfuighidh sibh braon I ndiaidh bhur mbáis!
Rate this song
0/5.0 - 0 Ratings
Loading comments...
Credits
- Producers
- Nicky Ryan