Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn

Album cover art for "Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn" by Aoife Ní Fhearraigh

Aoife Ní Fhearraigh - Pop, Irish Folk

Ainnir Dheas na gCiabhfholt Donn

0 Plays

View ArtistView Album

Lyrics

Language:

'Sé deir Colm Cille linn go hIfreann nach dtéid fial Lucht an tsaibhris go gceileann siad a bpáirt mhór le Dia; Nach mór an tubaiste d'aon duine á dearnadh ariamh Oiread a chruinniú is a 'choinneodh as Parrthas iad Thréig mé lucht an Bhéarla agus búclaí bróg Thréig mise an méid sin mar gheall ort, a stór Mar i ndúil go mbeinn 's tú, 'chéadsearc, maidin chiúin cheo Is sinn ag éisteacht le géimneach ár sealbháin deas bó D'imigh mé mar d'imeodh mo shnua agus mo ghné D'imigh mé mar d'imeodh fáinní geala an lae D'imigh mé mar d'imeodh an sneachta ón ghréin 'S bheinn ar oileán 's thiocfadh an tuile orm is bháithfí mé Go mbreacaí mo dhá mhalaidh agus go liathfaí mo cheann Chomh geal leis an eala atá ar Shliabh Uí Fhloinn Go dté mo bhean i dtalamh agus 'na diaidh sin a clann Beidh cuimhne agam ort, 'ainnir dheas na gciabhfholt donn

Rate this song

Rate this song

0/5.0 - 0 Ratings

5
0.0% (0)
4
0.0% (0)
3
0.0% (0)
2
0.0% (0)
1
0.0% (0)

Loading comments...

Credits

Writers
  • Traditional